Crá Croí Cois Cuain

Monday, May 22, 2006

Polaitiú an Chonartha(?)

Mhaígh Daíthí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mhaígh sé taobh amuigh de Theach Laighin inniu gur chóir do dhaoine a gcuid vótaí a thabhairt do pháirtithe atá ar son na Gaeilge.

Tagann seo mar thoradh ar phlean Fhine Gael ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge san chóras oideachais ó dheas, agus de réir dealraimh is iadsan a fhulaingeoidh mar gheall ar easpa vótaí Gaelacha. Níl aon fhadhb agam le seo, mar níl meas madaidh agam ar na léinte gorma. Bhí Mac Cárthaigh cliste diúltú do thacaíocht a thabhairt do aon pháirtí ar leith, ach ag an am céanna caithfear an cheist a chur - cé hiad na páirtithe atá i ndáiríre faoin teanga?

Bhí Fianna Fáil (Fianna Fail, an ea?) sásta an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh go dtí gur tháinig an t-eagras Stádas le chéile chun comhionnanas a fháil don teanga san Aontas Eorpach. Sin an dá pháirtí is mó sa tír as an áireamh. Cé eile atá ann?

An Páirtí Daonlathach - Tá McDowell róghnóthach agus é sa tóir ar inimircigh, agus tá a sá ar a cúram ag Harney ag déanamh áir ar an chóras sláinte. An Páirtí Glas - Ghearr siadsan teideal Gaeilge an pháirtí ó phóstaeirí dá chuid de bhrí go mbeadh siad 'déistineach' san OirThuaisceart.

De réir scéil tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga - tá próiséas inmheánach Ghaelaithe tosaithe acu. Ach an bhfuil éinne eile ann? Joe Higgins? Na Teachtaí neamhspleácha?

Is rud maithe é go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail ar bhealach nach raibh sé le tamall fada anuas. Rachaidh seo i gcion ar na polaiteoirí. Tchífimid roimh i bhfad cad é an bharúil atá acu, tchífimid an bhfuil siad ar son na Gaeilge.

Labels: , , , , , ,

Micheál Ó Riordáin ar shlí na fírinne

Leabhar cuimhneacháin Uí Ríordáin
Fuair Micheál Ó Ríordáin, iarcheannaire Pháirtí Chumannach na hÉireann, bás Déardaoin seo caite, é 88 bliain d'aois. Créamadh é Dé Sathairn i Reilg Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Rugadh an Ríordánach i nGaeltacht Chorcáí i 1917. Bhí sé ina óglach sna Briogáidí Idirnáisiúnta a throid ar son na Poblachta i gCogadh Cathartha na Spáinne ó 1936 go 1939. Bhí sé ina bhall d'Óglaigh na hÉireann freisin tráth, agus rinne lucht an tSaorstáit é a imtheorannú i gCampa an Churraigh go gearr i ndiaidh dó filleadh ón Spáinn.

Bhí an seans agam bualadh leis trí uaire i mblianta beaga anuas, agus é ag dul ar fud na tíre ag labhairt faoin troid in éadan na bhfaisisteach. Ba shoiléir dom gur fhear é a chaith a shaol leis an sóisialachas. Bhí sé chomh domhain ann gur ardaigh sé an bhratach dhearg os cionn Teach Uí Chonghaile nuair a baineadh an bhratach chéanna anuas ó Chreimlin na Rúise.

Naisc:
· Mick O'Riordan (12th Nov. 1917 - 18th May 2006) - cnuasach alt ar a bhás
· Connolly Column (Suíomh Choiste Cuimhneacháin na mBriogáidí Idirnáisiúnta)
· Beathaisnéis ghairid ó shuíomh an Pháirtí Chumannaigh

Labels: , ,