Crá Croí Cois Cuain

Sunday, May 27, 2007

In ainm Croim (nó: Torthaí Toghcháin an tSaorstáit)

Agus tinneas orm le cúpla lá anuas bhí deis agam dul idir RTÉ agus TG4 agus an tuairisciú a thug siad ar na thoghcháin sna Sé Chondae Fichead agus na torthaí ag teacht isteach. Chaith mé na huaireanta os comhair mo ríomhaire ag leámh trí shuíomh RTÉ chomh maith. (B'fhéidir go raibh barraíocht den leigheas casachta agam, ach rinne mé é ar scor ar bith.)

Agus ar ndóigh seo na torthaí a fuaireamar (sa deireadh thiar thall):
Fianna Fáil78
Fine Gael51
Páirtí an Lucht Oibre20
An Páirtí Daonlathach2
An Comhaontas Glas6
Sinn Féin4
Eile5

Ar ndóigh má tháinig dea-scéal amháin as an toghchán is é sin gur chaill Michael McDowell a shuíochán agus go bhfuil sé ag éirí as an pholaitíocht. (‘Slán leat,’ a deirim.)

Ach b'fhéidir go bhfuil an dochar déanta cheana. Bhí an Páirtí Daonlathach ar an chéad pháirtí in Éirinn a chuaigh leis na polasaithe eacnamaíochta nualiobrálacha de chuid Thatcher. Inniu tá gach páirtí de pháirtithe móra an stáit ag glacadh leis na polasaithe seo le Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ina measc, a bheag nó a mhór.

B'fhéidir go raibh brú ar na páirtithe beaga mar gheall ar an bhéim a thug na meáin don dá pháirtí móra, agus b'fhéidir nach bhfuil mé ar an eolas agus mé gafa anseo sa DubhThuaisceart, ach bhí mé den bharúil go mbeadh spás ann do pháirtí éigin den eite chlé (nó, níos réadúla b'fhéidir, den lár-chlé) dá mbeadh a gcuid pholaitíochta féin ní ba thábhachtaí acu ná tarraingt chomhrialtais. Ní raibh an páirtí sin le fáil afách, agus b'fhéidir go léiríonn seo bua ídeolaíoch na PDanna.

Ar ndóigh, tá a lán ceisteanna eile ann. An bhfuil muintir an tSaorstáit ag dúil lena thuilleadh de na fadhbanna a fuair siad le deich mbliana de Fhianna Fáil i gcumhacht - praghasanna tithíochta ag síorardú, géarchéim sa chóras sláinte, liostaí fada feithimh sna hotharlanna, chomhcheilg leis an ionsaí Angla-Phoncánach ar an Iaráic, agus araile, srl.? Agus cad é a tharlós anois le feachtais ar nós Shell chun Sáile agus Cosain Teamhair?

An raibh an pobal díreach imníoch faoi athrú rialtais? An seo an fáth gur thug siad vóta don status quo? Ar ndóigh bhí Fianna Fáil in ann an argóint a dhéanamh go raibh siad i réim le linn an Tíogair Cheiltigh. Ní féidir leis an fhás eacnamaíochta seo maireachtáil go deo afách, mar sin beidh sé suimiúil cen rud a bheas FF ábalta a rá amach anseo.

Ag an am céanna, tá neart ceisteanna le cur ag an eite chlé. Dóibh siúd taobh istigh de Shinn Féin agus de Pháirtí an Lucht Oibre, caithfear ceisteanna a chur faoir threoir na bpáirtithe úd. Ní mór do lucht na bpáirtithe beaga cosúil leis an Pháirtí Sóisialach, Páirtí na nOibrithe Sóisialacha (nó Páirtí Sóisialach na nOibrithe?) agus a leithéid an cheist a chur ar fiú dul i mbun toghchánaíochta nuair nach bhféidir le fiú páirtithe na lár-chlé mórán dul chun cinn a dhéanamh.

Agus sin ráite, sílim gur mhór ba fhiú an obair a rinne Joe Higgins i dTeach Laighin agus is mór an trua gur chaill sé a shuíochán féin. Ar ndóigh rachaidh an obair seo ar aghaidh taobh amuigh den rialtas. Glacaim féin leis an dearcadh a bhí ag Séamus Ó Coistealbha ar rialtais an rachmais, gur ardán amháin a bhí iontú le cúis an lucht oibre a chur chun cinn agus chun laigí an chaipitleachais a léiriú freisin. Ach tá neart oibre le déanamh fós leis an talamh sin a chur.

Ó thaobh na Gaeilge de, bhuel cad a féidir a rá? Bhí físeáin Ghaeilge, do chraoltaí toghcháin na bpáirtithe, ag Na Glasaigh, an Lucht Oibre agus ag Sinn Féin agus ba mhaith mhór dóibh é sa deireadh.

Labels: , , , , , , ,

0 Tráchta:

Post a Comment

<< Baile