Crá Croí Cois Cuain

Friday, June 20, 2008

Aistrithe

Táim i ndiaidh an blag a aistriú go WordPress. Más maith leat an píosa amháin a scríobhaim in aghaidh na bliana a léamh as seo amach, beidh ort dul go http://cracroi.wordpress.com/.

Beir bua.

Tuesday, July 03, 2007

Cúpla Focal


Tá sraith chlár a rinneadh do NvTv, Teilifís Phobail Bhéal Feirste, tá an tsraith seo anois le fáil ar líne. Chuir Chrissie McGlinchey agus Raymie Lawlor na cláir seo le chéile, agus aidhm acu go mbeadh clár Gaeilge ann a dhíríonn isteach ar chúrsaí reatha agus ceisteanna mór le rá an lae anseo sna sé chondae in áit a bheith ró-dhírithe ar an sean-nós agus ar an traidisiúnachas. Iarracht an-mhaith atá ann, agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh le teacht roimh i bhfad.


Clár 1 (50:16)
  • Plé ar Mhná sa Spóirt
  • Léirmheas ar "A Photographer's Life" le Annie Liebowitz
  • Ceol ó Barry Kerr

Clár 2 (49:07)
  • Plé ar an Timpeallacht
  • Léirmheas ar "And They All Sang" le Studs Terkel
  • Ceol ó Acoustic Dan

Clár 3 (47:15)
  • Plé ar an Ilchultúrthas
  • Léirmheas ar fhilíocht Cesar Vallejo
  • Ceol ó Chaoimhín Mac Giolla Catháin

Clár 4 (40:43)
  • Plé ar an Striapachas
  • Mír ar Chéilí Mór an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Ríona
  • Ceol ó Jinx Lennon

Clár 5 (49:32)
  • Plé ar Ghnóthaí Beaga
  • Mír ar Spraoi '07
  • Ceol ó The Delawares

Labels: ,

Sunday, May 27, 2007

In ainm Croim (nó: Torthaí Toghcháin an tSaorstáit)

Agus tinneas orm le cúpla lá anuas bhí deis agam dul idir RTÉ agus TG4 agus an tuairisciú a thug siad ar na thoghcháin sna Sé Chondae Fichead agus na torthaí ag teacht isteach. Chaith mé na huaireanta os comhair mo ríomhaire ag leámh trí shuíomh RTÉ chomh maith. (B'fhéidir go raibh barraíocht den leigheas casachta agam, ach rinne mé é ar scor ar bith.)

Agus ar ndóigh seo na torthaí a fuaireamar (sa deireadh thiar thall):
Fianna Fáil78
Fine Gael51
Páirtí an Lucht Oibre20
An Páirtí Daonlathach2
An Comhaontas Glas6
Sinn Féin4
Eile5

Ar ndóigh má tháinig dea-scéal amháin as an toghchán is é sin gur chaill Michael McDowell a shuíochán agus go bhfuil sé ag éirí as an pholaitíocht. (‘Slán leat,’ a deirim.)

Ach b'fhéidir go bhfuil an dochar déanta cheana. Bhí an Páirtí Daonlathach ar an chéad pháirtí in Éirinn a chuaigh leis na polasaithe eacnamaíochta nualiobrálacha de chuid Thatcher. Inniu tá gach páirtí de pháirtithe móra an stáit ag glacadh leis na polasaithe seo le Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ina measc, a bheag nó a mhór.

B'fhéidir go raibh brú ar na páirtithe beaga mar gheall ar an bhéim a thug na meáin don dá pháirtí móra, agus b'fhéidir nach bhfuil mé ar an eolas agus mé gafa anseo sa DubhThuaisceart, ach bhí mé den bharúil go mbeadh spás ann do pháirtí éigin den eite chlé (nó, níos réadúla b'fhéidir, den lár-chlé) dá mbeadh a gcuid pholaitíochta féin ní ba thábhachtaí acu ná tarraingt chomhrialtais. Ní raibh an páirtí sin le fáil afách, agus b'fhéidir go léiríonn seo bua ídeolaíoch na PDanna.

Ar ndóigh, tá a lán ceisteanna eile ann. An bhfuil muintir an tSaorstáit ag dúil lena thuilleadh de na fadhbanna a fuair siad le deich mbliana de Fhianna Fáil i gcumhacht - praghasanna tithíochta ag síorardú, géarchéim sa chóras sláinte, liostaí fada feithimh sna hotharlanna, chomhcheilg leis an ionsaí Angla-Phoncánach ar an Iaráic, agus araile, srl.? Agus cad é a tharlós anois le feachtais ar nós Shell chun Sáile agus Cosain Teamhair?

An raibh an pobal díreach imníoch faoi athrú rialtais? An seo an fáth gur thug siad vóta don status quo? Ar ndóigh bhí Fianna Fáil in ann an argóint a dhéanamh go raibh siad i réim le linn an Tíogair Cheiltigh. Ní féidir leis an fhás eacnamaíochta seo maireachtáil go deo afách, mar sin beidh sé suimiúil cen rud a bheas FF ábalta a rá amach anseo.

Ag an am céanna, tá neart ceisteanna le cur ag an eite chlé. Dóibh siúd taobh istigh de Shinn Féin agus de Pháirtí an Lucht Oibre, caithfear ceisteanna a chur faoir threoir na bpáirtithe úd. Ní mór do lucht na bpáirtithe beaga cosúil leis an Pháirtí Sóisialach, Páirtí na nOibrithe Sóisialacha (nó Páirtí Sóisialach na nOibrithe?) agus a leithéid an cheist a chur ar fiú dul i mbun toghchánaíochta nuair nach bhféidir le fiú páirtithe na lár-chlé mórán dul chun cinn a dhéanamh.

Agus sin ráite, sílim gur mhór ba fhiú an obair a rinne Joe Higgins i dTeach Laighin agus is mór an trua gur chaill sé a shuíochán féin. Ar ndóigh rachaidh an obair seo ar aghaidh taobh amuigh den rialtas. Glacaim féin leis an dearcadh a bhí ag Séamus Ó Coistealbha ar rialtais an rachmais, gur ardán amháin a bhí iontú le cúis an lucht oibre a chur chun cinn agus chun laigí an chaipitleachais a léiriú freisin. Ach tá neart oibre le déanamh fós leis an talamh sin a chur.

Ó thaobh na Gaeilge de, bhuel cad a féidir a rá? Bhí físeáin Ghaeilge, do chraoltaí toghcháin na bpáirtithe, ag Na Glasaigh, an Lucht Oibre agus ag Sinn Féin agus ba mhaith mhór dóibh é sa deireadh.

Labels: , , , , , , ,

Monday, February 26, 2007

Mórshiúil, cén mórshiúil?

Dar leis an BBC, an raibh na daoine seo ann?Dé Sathairn (24ú Feabhra 2007) bhí na mílte i mBéal Feirste don mhórshiúil ar son Acht Gaeilge do na Sé Chondae. Tháinig timpeall 4,500 ó áiteanna éagsúla ar fud fad na hÉireann (agus comrádaithe ó thar lear chomh maith) le bheith páirteach sa mhórshiúil, idir óg agus aosta, le Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí agus díograiseoirí ag éileamh a gcearta.

An scéal is suimiúla le teacht as an lá, afách, ná an neamhaird a thug na meáin teilifíse Béarla don imeacht. Bhí na mílte ag siúl trí chroílár chathair Bhéal Feirste, agus ní dhearna an BBC ná UTV faic de thagairt dóibh. Agus seo an BBC céanna, ar ndóigh, a éilíonn go n-íocaimid as ceadúnas teilifíse, comhlucht a thug Gaeilgeoirí os comhair na cúirte as gan a bheith ag íoc as an cheadúnas céanna. B'fhéidir go dtaispeánann seasamh an BBC ar an mhórshiúil stairiúil seo an fáth nach bhfuil neart de Ghaeil na sé chondae sásta íoc as an cheadúnas teilifíse - de bhrí nach bhfreastalaíonn an BBC ar na Gaeilgeoirí seo, ná ar an saol agus scéalta a bhaineann leo.

Tá daoine éagsúla ag iarraidh go ndéanfar gearán faoin BBC leis OFCOM (rialóir neamhspleách ar na meáin chumarsáide) agus leis an BBC féin.

Tá suíomh um gearáin ag an dá eagras:Tá suíomh OFCOM casta go leor, mar sin is féidir dul i dteagmháil lena n-oifig do na Sé Chontaetha trí:

   Post: Landmark House, The Gasworks, Ormeau Road, Belfast, BT7 2JD
   (Teach an Chríochchomhartha, An Mhonarcha Gáis, Bóthar Ormeau, Béal Feirste, BT7 2JD)
   Guthán: 028 9041 7500
   Ríomhphost: ofcomnorthernirelandoffice@ofcom.org.uk

Labels: , , ,

Saturday, February 03, 2007

Mórshiúil ar son Acht Gaeilge


Beidh mórshiúil go lár chathair Bhéal Feirste ag tarlú Dé Sathairn 24ú Feabhra, é eagraithe ag eagrais éagsúla atá ag éileamh Acht Gaeilge do na Sé Chondae.

Tá ceithre bunéileamh don Acht ag an scátheagras atá ag iarraidh go mbeadh Acht Gaeilge sna Sé Chondae, agus is iad sin:
  • Cloígh le gealltanas Chill Rímhinn
  • Cearta Gaeilgeoirí ag croí an Achta
  • Acmhainní oiriúnacha leis an Acht a chur i bhfeidhm
  • Coimisinéir na Gaeilge leis an Acht a mhaoirsiú
Beidh daoine ag bualadh le chéile lasmuigh de Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál le fágáil ag 1in ar an lá.

Bí linn.

Labels: ,

Saturday, January 06, 2007

Cás Mháire agus Acht na Gaeilge

Bhí Máire Nic an Bhaird, múinteoir meánscoile, bhí sí os comhair na cúirte i mBéal Feirste Dé hAoine 5ú Eanáir 2007 de bhrí go raibh sí 'ag iompar go mí-ordúil' leis na póilíní. Deir sí gur ghabh na saighdúirí dubha í cionn is go raibh sí ag labhairt i nGaeilge lena cairde. D'iarr sí go mbeadh cáipéisí éagsúla ar fáil i nGaeilge don chás, rud atá ar fáil do theangacha eile. Bhí léirsiú taobh amuigh den chúirt chun cur in iúl go bhfuil géarghá le hAcht Gaeilge sna Sé Chondae mar gheall ar scéalta mar seo.

Labels: , ,

Monday, May 22, 2006

Polaitiú an Chonartha(?)

Mhaígh Daíthí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mhaígh sé taobh amuigh de Theach Laighin inniu gur chóir do dhaoine a gcuid vótaí a thabhairt do pháirtithe atá ar son na Gaeilge.

Tagann seo mar thoradh ar phlean Fhine Gael ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge san chóras oideachais ó dheas, agus de réir dealraimh is iadsan a fhulaingeoidh mar gheall ar easpa vótaí Gaelacha. Níl aon fhadhb agam le seo, mar níl meas madaidh agam ar na léinte gorma. Bhí Mac Cárthaigh cliste diúltú do thacaíocht a thabhairt do aon pháirtí ar leith, ach ag an am céanna caithfear an cheist a chur - cé hiad na páirtithe atá i ndáiríre faoin teanga?

Bhí Fianna Fáil (Fianna Fail, an ea?) sásta an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh go dtí gur tháinig an t-eagras Stádas le chéile chun comhionnanas a fháil don teanga san Aontas Eorpach. Sin an dá pháirtí is mó sa tír as an áireamh. Cé eile atá ann?

An Páirtí Daonlathach - Tá McDowell róghnóthach agus é sa tóir ar inimircigh, agus tá a sá ar a cúram ag Harney ag déanamh áir ar an chóras sláinte. An Páirtí Glas - Ghearr siadsan teideal Gaeilge an pháirtí ó phóstaeirí dá chuid de bhrí go mbeadh siad 'déistineach' san OirThuaisceart.

De réir scéil tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga - tá próiséas inmheánach Ghaelaithe tosaithe acu. Ach an bhfuil éinne eile ann? Joe Higgins? Na Teachtaí neamhspleácha?

Is rud maithe é go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail ar bhealach nach raibh sé le tamall fada anuas. Rachaidh seo i gcion ar na polaiteoirí. Tchífimid roimh i bhfad cad é an bharúil atá acu, tchífimid an bhfuil siad ar son na Gaeilge.

Labels: , , , , , ,

Micheál Ó Riordáin ar shlí na fírinne

Leabhar cuimhneacháin Uí Ríordáin
Fuair Micheál Ó Ríordáin, iarcheannaire Pháirtí Chumannach na hÉireann, bás Déardaoin seo caite, é 88 bliain d'aois. Créamadh é Dé Sathairn i Reilg Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Rugadh an Ríordánach i nGaeltacht Chorcáí i 1917. Bhí sé ina óglach sna Briogáidí Idirnáisiúnta a throid ar son na Poblachta i gCogadh Cathartha na Spáinne ó 1936 go 1939. Bhí sé ina bhall d'Óglaigh na hÉireann freisin tráth, agus rinne lucht an tSaorstáit é a imtheorannú i gCampa an Churraigh go gearr i ndiaidh dó filleadh ón Spáinn.

Bhí an seans agam bualadh leis trí uaire i mblianta beaga anuas, agus é ag dul ar fud na tíre ag labhairt faoin troid in éadan na bhfaisisteach. Ba shoiléir dom gur fhear é a chaith a shaol leis an sóisialachas. Bhí sé chomh domhain ann gur ardaigh sé an bhratach dhearg os cionn Teach Uí Chonghaile nuair a baineadh an bhratach chéanna anuas ó Chreimlin na Rúise.

Naisc:
· Mick O'Riordan (12th Nov. 1917 - 18th May 2006) - cnuasach alt ar a bhás
· Connolly Column (Suíomh Choiste Cuimhneacháin na mBriogáidí Idirnáisiúnta)
· Beathaisnéis ghairid ó shuíomh an Pháirtí Chumannaigh

Labels: , ,