Crá Croí Cois Cuain

Friday, April 14, 2006

Baghcat an Chonartha ar chomóradh ’16


Bhí scéal ar inniu (is féidir cóip den pháipéar nuachta a íoslódáil anseo) go mbeidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, go mbeidh sé ag déanamh baghcait ar an chomóradh i mBaile Átha Cliath ar Éirí Amach 1916.

Agus goidé an fáth a thug sé don seasamh dúshlánach seo? An é go bhfuil an tír scartha ag na Sasanaigh agus go bhfuil sé condae san OirThuaisceart go fóill faoi chois? An é go bhfuil Rialtas na tSaorstáit a thabhairt tacaíochta do fhórsaí an impiriúlachais san Iaráic? An é go bhfuil siad ag cuidiú le forghabháil na Palaistíne? Ní hea.

Is é cúis na hagóide ná nach léifear Forógra na Poblachta as Gaeilge.

Um… ceart go leor. Bhí mé féin ag dúil go raibh fáth eile taobh thiar de seo, ach ar an drochuair níl. Aontaím gur chóir go mbeadh an teanga dúchais lárnach in ócáid mar seo, ach níor chuir sé pioc iontais orm go raibh Rialtas na Poblachta (Poblacht na Seoiníní, gan amhras) a dhul ‘dearmad’ a dhéanamh ar an Ghaeilge.

Agus mar bharr ar an donas, ní chóir go gcuirfeadh ráiteas an Uasail Mhic Cárthaigh iontas orm. Ar ndóigh tá mé ag scríobh faoi Chonradh na Gaeilge anseo, Cumann na nDineasár amach is amach atá iontu.

Mór mo náire,
Mo chlann féin
do dhíol a máthair.
Mise Éire

      srl srl…

Labels: , , , ,

Friday, April 07, 2006

Diúlatíonn aontachtóirí do chuimhneachán an Chonghailigh

Séamus Ó Conghaile
I Halla Cathrach Bhéal Feirste ar na mallaibh bhí rún ag Sinn Féin (le tacaíocht ón SDLP) fuinneog chuimhneacháin a chur san fhoirgneamh do Shéamus Ó Conghaile, duine de cheannródaithe an tsóisialachais in Éirinn.

Iontas na n-iontas, bhí na haontachtóirí in éadan an rúin. Dúirt gealt ón DUP go raibh an rún mar chuid de scéim chomhcheilgeach na bpoblachtóirí le féiniúlacht Bhriotanach na Sé Condae a dhíothú.

Bhí cónaí ar an Chonghaileach insa chathair seo cois cuain ar feadh na mblianta ag tús na fichiú haoise. Agus é ina oifigeach den ITGWU bhí sé ina chónaí ar Bhóthar na bhFál lena theaghlach. D'oibrigh sé go díograiseach ar son lucht oibre na cathrach agus throid sé go dian in aghaidh an tseicteachais.

Bhuel, b'fhéidir nach iontas é nach bhfuil aontachtóirí sásta é a fheiceáil lá i ndiaidh lae. Déanfaidh iarsmaí an impiriúlachais cúis dóibh siúd.

Labels: , , , ,

Wednesday, April 05, 2006

Na Poncáin trí bliana i bponc

Tá na Meiriceánaigh anois trí bliana san Iaráic. Trí bliana den fhorghabháil, den bhás, den uafás gan amhras. Agus i ndeireadh an dála, leis na trí bliana seo thart, níl faic ann fós faoi na hairm ollscriosta (tóraíocht an ghadhair gan fios a dhathalorg na gaoithe Márta, mar a dheirtear). Agus an t-aon nasc a bhí ag Saddam le sceimhlitheoirí ná an cuidiú a fuair sé ar feadh na mblianta ón CIA.

Agus tá muintir na hIaráice go fóill gan chumhacht, gan leictreachas, gan uisce. Tá fórsaí an impiriúlachais Angla-Mheiriceánaigh an-ghnóthach ag iarraidh foinsí nádúrtha na tíre a thógáil agus a dhíol ar ais leis an phobal céanna. Sin daonlathas an Iarthair duit.

Labels: , , ,

CLG vs. GPA

Ta an t-aighneas idir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Cumann Imreoirí Gael (GPA) ag teacht chun cinn le déanaí. Tá an GPA réidh le bac a chur ar chluichí amach anseo go dtí go gcomhlíonann an CLG na héilimh de chuid an GPA, ag tosach an deireadh seachtaine seo nuair a fhanfaidh na himreoirí sa seomra ullmhaithe ar feadh cúig bhomaite déag. Níl ann ach sé cheann, agus tá siad uilig réasúnta go leor.

Is féidir iad a léamh ag an nasc thíos:

Preasráiteas an GPA, 3ú Aibréan 2006

Labels:

Seo an rud...

Bunaíodh an blog (nó 'blag' mar a thugtar air) seo de thaisme. Ach tá sé ann anois, mar sin b'fhéidir gur chóir dom píosaí beaga a chur leis anois agis arís, giota beag den bholscaireacht a scaipeadh ar son na Gaeilge.

Fiú muna léann éinne é, beidh sé ann. Go deo.