Crá Croí Cois Cuain

Monday, May 22, 2006

Polaitiú an Chonartha(?)

Mhaígh Daíthí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mhaígh sé taobh amuigh de Theach Laighin inniu gur chóir do dhaoine a gcuid vótaí a thabhairt do pháirtithe atá ar son na Gaeilge.

Tagann seo mar thoradh ar phlean Fhine Gael ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge san chóras oideachais ó dheas, agus de réir dealraimh is iadsan a fhulaingeoidh mar gheall ar easpa vótaí Gaelacha. Níl aon fhadhb agam le seo, mar níl meas madaidh agam ar na léinte gorma. Bhí Mac Cárthaigh cliste diúltú do thacaíocht a thabhairt do aon pháirtí ar leith, ach ag an am céanna caithfear an cheist a chur - cé hiad na páirtithe atá i ndáiríre faoin teanga?

Bhí Fianna Fáil (Fianna Fail, an ea?) sásta an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh go dtí gur tháinig an t-eagras Stádas le chéile chun comhionnanas a fháil don teanga san Aontas Eorpach. Sin an dá pháirtí is mó sa tír as an áireamh. Cé eile atá ann?

An Páirtí Daonlathach - Tá McDowell róghnóthach agus é sa tóir ar inimircigh, agus tá a sá ar a cúram ag Harney ag déanamh áir ar an chóras sláinte. An Páirtí Glas - Ghearr siadsan teideal Gaeilge an pháirtí ó phóstaeirí dá chuid de bhrí go mbeadh siad 'déistineach' san OirThuaisceart.

De réir scéil tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga - tá próiséas inmheánach Ghaelaithe tosaithe acu. Ach an bhfuil éinne eile ann? Joe Higgins? Na Teachtaí neamhspleácha?

Is rud maithe é go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail ar bhealach nach raibh sé le tamall fada anuas. Rachaidh seo i gcion ar na polaiteoirí. Tchífimid roimh i bhfad cad é an bharúil atá acu, tchífimid an bhfuil siad ar son na Gaeilge.

Labels: , , , , , ,

0 Tráchta:

Post a Comment

<< Baile